
Fáilte go dtí
Scoil Chualann
Bunscoil Lán-Ghaelach í Scoil Chualann a bunaíodh i 1977 chun oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus chun suim sa chultúr Gaelach a chothú i measc na ndaltaí. Is scoil chomhoideachais í Scoil Chualann.

- Tá an tréimhse oifigiúil iarratais do Naíonáin Shóisearacha don scoilbhliain 2027/2028 dúnta anois. Féadfar iarratais dhéanacha a bhreithniú fós, ag braith ar áiteanna atá ar fáil in sna ranganna éagsúla.
- Tá áiteanna ar fáil i ranganna ó Naíonáin Shinsearacha go Rang a Sé do theaghlaigh atá ag smaoineamh ar aistriú scoile. Cuirtear fáilte roimh fhiosrúcháin ó theaghlaigh ar spéis leo áit a fháil sa scoil.
Eolas Ginearálta
Bunscoil Lán Ghaelach faoi phátrúntacht Ardeaspag Caitliceach Bhaile Átha Cliath is ea Scoil Chualann lonnaithe i mBré, Co. Chill Mhantáin. Bunaíodh an scoil i 1977 agus is scoil chomhoideachais í le breis is 200 dalta ag freastal uirthi faoi láthair. Cuirtear béim ar cur chuige pháiste lárnach ina bhfreastalaítear ar riachtanais agus cumas gach páiste. Soláthraítear oideachas ar ard chaighdeán le béim ar chultúr agus oidhreacht Ghaelach.
San áireamh, foghlaimíonn na páistí teangacha eachtrannach, clárú ríomhairí, spóirt éagsúla agus glactar páirt i gcomórtais, cláracha agus imeachtaí idir scoile éagsúla ar fud Cúige Laighean.
Má tá níos mó eolais uait faoin scoil tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh
Nuacht Scoile
Nuachtlitir an Fhómhair 2026
Seo a leanas Nuachlitir an Fómhair 2026. Má tá aon mholtaí nó eolas faoi leith…
Ceolchoirm le Cór Scoil Chualann
Ceiliúradh 80 bliain de Mhuire, Banríon na Síochána le hoíche saor in aisce de cheol…
Díolacháin Cístí
Díolacháin CístíDownload
